Chaith seisear páistí agus a máthair an oíche aréir i stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath mar nach raibh siad in ann lóistín éigeandála a fháil. Idir bliain d'aois agus aon bhliain déag atá na leanaí.

Deir na Gardaí gur tháinig Margaret Cash agus a clnn chuig an stáisiún Gardaí i dTamhlacht mar nach raibh aon áit eile le dul acu. Rinne Gardaí sa stáisiún teagmháil le roinnt seirbhísí lóistín éigeandála agus le roinnt óstán sa cheantar ach ní raibh tada ar fáil. 

Chuaigh cúigear den seisear páistí a luí ar chathaoireacha sa stáisiún agus chodail an naíonán i mbugaí. Cuireadh roinnt íomhánna den teaghlach sa stáisiún ar na meáin shóisialta aréir. 

D'fhág an seachtar an stáisiún ar maidin tar éis do na Gardaí bricfeasta a sholáthar dóibh agus rinne Margaret Cash teagmháil le rannóg tithíochta Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas. Tá lóistín éigeandála anois acu go dtí Dé Luain ar a laghad.

Tá an teaghlach gan dídean le bliain agus tá trí oíche caite acu i stáisiúin Ghardaí i gcaitheamh an am sin. 

Dúirt urlabhraí ó charthantas tithíochta i mBaile Átha Cliath gur mór an náire gurbh éigean don teaghlach an oíche a chaitheamh sa stáisiún Gardaí.