Tá fáilte curtha ag Bus Éireann roimh an gcosc a bheas ar charranna ar Shráid Phádraig i gCorcaigh ón iarnóin ar aghaidh. 

Tá an bac a bhfuil go leor cainte tarraingthe aige le cur i bhfeidhm an athuair ó inniu le tús áite a thabhairt do bhusanna agus le cúrsaí tráchta sa chathair a fheabhsú, a deirtear.

Chuir go leor daoine in aghaidh an athraithe - lucht gnó go háirithe - nuair a rinneadh iarracht é a chur i bhfeidhm ar dtús níos túisce i mbliana.