Tá sé deimhnithe ag Ambasadóir na hÉireann san Indinéis go bhfuil thart ar leathchéad Éireannach tugtha slán ó na hOileáin Ghílí sa tír sin tar éis do chrith talún an réigiún a bhualadh arú inné.

Thart ar 4,600 turasóir ar fad a aistríodh amach as na trí oileán atá i gceist. Tá na hOileáin Ghílí suite amach ó chósta thiar thuaidh Lombok, ceann d'oileáin mhóra na hIndinéise.

Méid 6.9 a bhí sa chrith ar maraíodh 98 duine ar a laghad dá bharr. Maraíodh 17 duine mar gheall ar chrith talún eile a tharla sa réigiún roinnt laethanta roimhe sin. 

Dúirt Ambasadóir na hÉireann san Indinéis Kyle O'Sullivan gur fhág 30 Éireannach na hOileáin Ghílí go luath i ndiaidh an chreatha ar an Domhnach agus gur imigh an chuid eile go moch ar maidin.