Gearrfar pionós i nDeireadh Fómhair seo chugainn ar fhear 25 bliain d'aois a d'admhaigh gur éignigh sé bean i gCo. Bhaile Átha Cliath anuraidh.

Sin é Eoin Berkeley as ceantar Fhionnghlais in iarthar Cho.Bhaile Átha Cliath.

Bhí 3 chúis éignithe ar fad tugtha in aghaidh Berkeley agus é os comhair na Príomh Chúirte Coiriúla, bainteach le mac léinn ón Spáinn a ionsaí idir 15ú-16ú Iúil 2017.

Tharla na heachtraí éignithe deirtear ag láthair Irish Glass Bottle i ndeisceart an chontae.

Tá ráiteas tionchar íospartaigh le tabhairt ag an mbean go fóill.