Tá fear gafa i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath maidir le luach €3m de dhrugaí a bheith ina sheilbh.

Gabhadh é nuair a stopadh an veain a bhí á thiomáint aige i gCill Bharróg inné.

Bhí suas le 50 cíleagram de dhrugaí á n-iompar sa veain.

Baineann sé seo leis an bhfeachtas atá ar bun ag Oifigigh Chustaim óna Coimisinéirí Ioncaim i gcomhar leis an Gharda Síochána.

Thángthas ar chíleagram breise den druga cannabas freisin i gcuardach a rinneadh ar theach sa cheantar céanna.

43 bliain d'aois atá an fear a gabhadh.

Tugadh é chuig Stáisiún na nGardaí i Ráth Eanaigh, Co. Bhaile Átha Cliath.

Tá na fiosrúcháin ag leanacht ar aghaidh.