Is í Ursula Ní Shabhaois atá ceaptha ina hUachtarán ar Chomhaltas Uladh. Coiste Chúige Uladh de Chonradh na Gaeilge is ea Comhaltas Uladh a bunaíodh sa bhliain 1926. 

Is as Béal Leice i ndeisceart Ard Mhacha í Ursula Ní Shabhaois. 

Fiontraí óg atá inti agus is í a bhunaigh an comhlacht Cinnteacht a chuireann seirbhísí tacaíochta agus comhairle straitéiseach ar fáil d'eagraíochtaí.

Dúirt sí go bhfuil obair mhór déanta ag Comhaltas Uladh i gcaitheamh na mblianta ag eagrú ócáidí éagsúla agus ag cur scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil do dhaoine óga. Tá súil aici, a dúirt sí, cur leis an obair seo.