Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur ag an deireadh seachtaine a léifeas sé an Páipéar Bán a d'fhoilsigh Rialtas Breataine inniu faoin gcaidreamh a bheas acu amach anseo leis an Aontas Eorpach.

Dúirt Rialtas na Breataine gur plean cuimsitheach agus uaillmhianach atá sa Pháipéar Bán agus go bhfuil sé de rún ag an tír imeacht as an margadh aonair agus as an aontas custam, agus smacht a fháil arís ar theorainneacha, ar dhlíthe agus ar airgead.

Ach tá tuilleadh easaontais cothaithe ag an bPáipéar Bán sa Pháirtí Caomhach agus ceaptar nach nglacfaidh an tAontas Eorpach leis ach an oiread.