Tá sé fógartha ag an gcomhlacht seirbhísí airgeadais EY go bhfuil siad le 520 post nua a chur ar fáil.

Cuirfear na poist ar fáil idir na seacht n-ionad atá ag an gcomhlacht ar fud na tíre. 

I measc na n-oibrithe nua, beidh 305 céimí a earcófar i mí Mheán Fómhair. Tá 2,500 duine ag obair ag EY sa tír seo cheana fhéin.