Den chéad uair riamh bhí Aire Stáit as an bPoblacht i láthair ag príomhpharáid an Oird Oráistigh i mBéal Feirste agus Cath na Bóinne ar 12 Iúil 1690 á chomóradh acu.

Is é an tAire Stáit Turasóireachta agus Spóirt Brendan Griffin - Teachta Dála do Chiarraí - a bhí i láthair thar ceann an Rialtais.

Bronnadh carbhat Oráisteach ar an Aire Stáit nuair a stad an pharáid i lár na cathrach. 

Dúirt sé gur léiriú é go raibh feabhas tagtha ar an gcaidreamh idir an Phoblacht agus an Tuaisceart go raibh sé i láthair ag an bparáid.