Dúirt urlabhraí ó choiste pobail Ros an Mhíl i gConamara gur léir nach bhfuil Roinn na Mara ag cloí lena bpolasaí féin i dtaca le cuótaí éisc de.

Mhaígh Barry Ó Fátharta nach roinntear na cuótaí go cothrom agus dá mbeadh aird ar bith ag an Roinn ar a bpolasaí nach mbeadh an mhonarcha éisc i Ros an Mhíl le díol. 

Inné a tháinig sé chun solais go bhfuil an mhonarcha le díol. Dúirt Barry Ó Fátharta nach bhfuil dóthain iasc á thabhairt isteach go Ros an Mhíl ag báid áitiúla a choinneodh an mhonarcha ag imeacht.

Tuigtear gur thart ar 25 duine atá ag obair sa mhonarcha ar bhonn séasúrach. 

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt sé freisin gur ar mhonarchana móra agus ar bháid mhóra atá an Roinn dírithe. Dá bhrí sin, dar leis, is gearr nach mbeidh aon bhád fanta i Ros an Mhíl.

Tá Barry Ó Fátharta ag iarraidh ar Údarás na Gaeltachta freisin inseacht don phobal céard atá i gceist acu a dhéanamh le tionscail a mhealladh go dtí an ceantar.

Dúirt Teachta Dála Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar Éamon Ó Cuív go gcaithfidh Roinn na Mara soiléiriú a thabhairt faoin tacaíocht a thugann siad do chalafoirt iascaireachta agus faoina bhfuil sé i gceist acu a dhéanamh le Ros an Mhíl a fhorbairt.

Chomh maith le Barry Ó Fátharta, mhaígh seisean gur cosúil gur dírithe ar bháid mhóra atá an Roinn.

Díol imní freisin, a dúirt sé, an tionchar a bheas ag imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ar chúrsaí iascaireachta sa tír seo.