Tá tús curtha ag an gceathrú cuid de phíolótaí Ryanair sa tír seo le stailc 24 uair an chloig mar gheall ar choinníollacha fostaíochta.

Dúirt Ryanair go bhfuil socruithe eile taistil déanta acu do thart ar 5,000 paisinéir a bhí le dul ar na heitiltí a cuireadh ar ceal inniu.

Theip ar na cainteanna a bhí ag an mbainistíocht agus ceardchumann na bpíolótaí inné féachaint leis an stailc a sheachaint.