Fuadaíodh roinnt carranna agus feithiclí eile in oirthear Bhéal Feirste aréir agus lasadh iad le linn caismirtí a tharla ag tinte cnámh i gceantair dhílseacha.

Tuairiscítear gur tharla clampar ag tinte cnámh i gceantair dhílseacha i nDoire freisin. Ionsaíodh oibrithe dóiteáin i gCnoc an Chairn sa chathair ach níor bhain aon ghortú dóibh. 

Dúirt an tseirbhís dóiteáin sa Tuaisceart go raibh siad an-ghnóthach aréir agus go bhfuair siad 327 glao éigeandála.

D'iarr siad ar dhaoine guaim a chonneáil orthu féin agus na mílte ag dul ag mairseáil inniu 12 Iúil, lá mór na nOráisteach.