Tá an dara buachaill cúisithe i ndúnmharú an chailín scoile Anastasia Kriegel in iarthar Bhaile Átha Cliath dhá mhí ó shin.

Gabhadh an buachaill trí bliana déag d'aois ag 8.15 ar maidin agus tugadh é os comhair Chúirt na Leanaí sa chathair mar ar cúisíodh é. Bhí a mháthair in éineacht leis sa chúirt. 

Cuireadh an buachaill siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair cúirte arís é Dé Céadaoin seo chugainn. 

Fuarthas corp Anastasia Kriegel, a bhí ceithre bliana déag, i dteach feirme tréigthe i Láithreach Con ar Bhóthar Chluain Aodha i Leamhcán ar 17 Bealtaine. Bhí sí ar iarraidh ar feadh trí lá roimhe sin. Léirigh an scrúdú iarbháis gur bascadh go dona í.

Tá buachaill eile trí bliana déag cúisithe ina dúnmharú cheana féin.