Tá an stailc 24 uair an chloig atá beartaithe ag píolótaí Ryanair don lá amárach le dul ar aghaidh. Theip ar bhainistíocht Ryanair agus ar cheardchumann na bpíolótaí teacht ar réiteach ag cainteanna tráthnóna. 

Tá an ceardchumann ag iarraidh ar an mbainistíocht córas a bhunú le go mbeifear níos oscailte faoi ghnóthaí cosúil le harduithe céime agus saoire bhliantúil.

Tá 120 píolóta atá fostaithe go díreach ag Ryanair le dul ar stailc óna 1 a chlog ar maidin amárach.

Tá 30 eitilt idir an tír seo agus Sasana amárach curtha ar ceal ag an aerlíne ach ní chuirfear as d'eitiltí chun na Mór-roinne.

Beidh os cionn 250 píolóta eile atá fostaithe mar chonraitheoirí nó ag áisíneachtaí ag obair mar is gnách.