Ritheadh bille sa Seanad tráthnóna a chuirfeadh cosc ar an tír seo earraí a cheannach ó lonnaíochtaí Iosraelacha i gcríocha na bPalaistíneach sa Bhruach Thiar agus i nGaza.

Rialaíodh go minic go sáraíonn seilbh na nIosraelach ar na críocha sin an dlí idirnáisiúnta. 

An Seanadóir Neamhspleách Frances Black a chuir an bille faoi bhráid an tSeanaid agus thacaigh Fianna Fáil, Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre agus Seanadóirí Neamhspleácha eile leis. 

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney leis na Seanadóirí inniu, áfach, nach bhféadfadh an Rialtas tacú leis an mbille toisc, dar leis, go sáródh sé dlíthe an Aontais Eorpaigh. Mhaígh sé gur leis an Aontas trí chéile a bhaineanns cúrsaí trádála, seachas le hÉirinn amháin.

Ar deireadh, 25 Seanadóir a vótáil i bhfabhar an bhille agus 20 ina aghaidh. 

Meastar go n-easpórtáiltear luach idir leathmhilliún agus milliún euro d'earraí ó lonnaíochtaí Iosraelacha i gcríocha na bPailistíneach go hÉirinn gach bliain. Luach €300 milliún atá i gceist i gcás bhallstáit uile an Aontais Eorpach. 

Dúirt urlabhraí ó Rialtas Iosrael tráthnóna go bhféadfadh an bille cainteanna síochána idir iad agus na Palaistínigh a chur i mbaol.