Creidtear go bhfuil ráth ársa aimsithe ar láthair oidhreachta Bhrú na Bóinne i gCo na Mí. Meastar gur tháinig an ráth chun solais tar éis do theas mór an tsamhraidh an taisleach a dhísciú as an ithir ansin. 

Drón a bhí ag eitilt os cionn Bhrú na Bóinne a thóg an pictiúr d'imchruth an rátha.

Meastar gur 4,500 bliain ó shin a tógadh an ráth, sin 500 bliain i ndiaidh Shí an Bhrú. D'fhéadfadh trastomhas an rátha a bheith 200 méadar ar fad. 

Ar thalamh príobháideach atá sé suite agus níl aon bhealach isteach ag an bpobal ann faoi láthair.