Tugadh fear 41 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Luimnigh inniu agus é cúisithe i ndúnmharú Phatrick O'Connor, 24 bliain, as Cill Liaile sa chathair.

Tá sé curtha i leith Mark Crawford gur dhúnmharaigh sé Patrick O'Connor a sádh i dteach ósta Fitzgeralds i Luimneach oíche Dé Sathairn seo caite.

Cuireadh siar faoi choinneáil é go dtí Príosún Luimnigh agus tá sé le tabhairt os comhair cúirte arís Dé Máirt seo chugainn.