Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan go bhfuil fiosrúchán ar bun faoin gcaoi ar thit gunna agus armlón amach as carr Gardaí ar Chearnóg Fhearchair i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath tráthnóna inné.

Deirtear gur thit an gunna - Heckler & Koch MP7 - amach as an gcarr ina raibh baill d'aonad armtha na nGardaí nuair a bhí sí dul thar rampa agus nuair a d'oscail an búit go gairid tar éis 6 a chlog. Bhí an gunna agus an t-armlón i mála dúnta.

Fuair duine den phobal an mála agus thug sí chuig beairic Shráid an Stórais i dtuaisceart na cathrach é ag thart ar 6.30. Deirtear nach raibh a fhios aici go raibh gunna ann.

Dúirt an tAire Flanagan gur cuireadh ar an eolas faoin scéal tráthnóna inné é agus go raibh an t-ádh dearg ann nár gortaíodh aon duine.