Beidh aonad nua lonnaithe i gceannáras nua na nGardaí i nGaillimh a bheas ag fiosrú cásanna a bhaineann le hionsaithe gnéis agus foréigean baile.

Beidh beirt sháirsintí agus ceithre Gharda dhéag ag obair san aonad nua.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly gur dea-scéala é go mbeidh an fhoireann seo i nGaillimh mar go bhfuil méadú tagtha ar an líon ionsaithe gnéis agus ar an líon cásanna foréigean baile ansin.