Tá achainí déanta ag ceannairí polaitiúla an Tuaiscirt ar fad go gcuirfí deireadh leis na círéibeacha atá ar siúl le ceithre oíche as a chéile i nDoire. Tá an milleán faoi na scliúchais á chur ar easaontóirí poblachtánacha. 

Dúirt na póilíní i nDoire gur caitheadh thart sé bhuama peitril déag agus cúig bhuama péinte as ceantar náisiúnach Thaobh an Bhogaigh isteach le heastát aontachtach an Fhuaráin.

Dúirt an tArd-Cheannfort Neil Beck gur scaoileadh na hurchair leis na póilíní gar do bhallaí na cathrach agus gur iarrracht dúnmharaithe a bhí ann.

I mBéal Feirste, ionsaíodh na póilíní nuair a chuaigh siad go láthair tine chnámh ollmhór i gceantar dílseach in oirthear na cathrach aréir. 

Bhí sé ordaithe ag an Ard-Chúirt i mBéal Feirste roimhe sin go laghdófaí an tine chnámh agus chuaigh na póilíní go dtí an láthair go bhfeicfidís an raibh an t-ordú á chomhlíonadh.