Tá fios curtha ar an mBriogáid Dóiteáin agus roinnt tinte sléibhe fós ag dó i gceantar Chonamara.

Tá Briogáid Dóiteáin na Ceathrún Rua curtha go Leitir Mealláin áit a bhfuil an tine sléibhe a bhí ansin aréir lasta arís. B'éigean roinnt daoine a chur amach as a gcuid tithe ansin de bharr an dóiteáin.

Cuireadh fios ar aonad an Chlocháin go dtí an Trá Bháin ag thart ar 7.30 trathnóna inné freisin.   

Tá aonad de Bhriogáid Dóiteáin na Gaillimhe fós ag coinneáil súil ar an áit a raibh an falscaí i dTroscaigh Thiar i mBearna inné. 

Chaith oibrithe dóiteáin cuid mhaith den tráthnóna inné ag cur uisce ar an talamh atá ag síneadh leis an gceantar a raibh an tine ionas nach scaipfeadh sí.

Dúirt urlabhraí ón mBriogáid Dóiteáin go raibh sé an-deacair an tine a mhúchadh ar fad mar gheall ar chomh tirim agus a bhí an criathrach agus go raibh an mhóin lasta ar na portaigh.

Táthar ag coinneáil súil ar thithe agus ar thalamh feirme sa cheantar ar fhaitíos go dtosódh an tine arís.