Beidh cainteanna ag bainistíocht Ryanair le hionadaithe ó cheardchumann na bpíolótaí inniu féachaint le stailc 24 uair atá bagartha ag cuid de na píolótaí amárach a sheachaint.

Tá an ceardchumann ag iarraidh ar an mbainistíocht córas a bhunú le go mbeifear níos oscailte faoi ghnóthaí cosúil le harduithe céime agus saoire bhliantúil.

Tá 120 píolóta atá fostaithe go díreach ag Ryanair le dul ar stailc óna 1 a chlog ar maidin amárach.

Tá 30 eitilt idir an tír seo agus Sasana amárach curtha ar ceal ag an aerlíne ach ní chuirfear as d'eitiltí chun na Mór-roinne.

Beidh os cionn 250 píolóta eile atá fostaithe mar chonraitheoirí nó ag áisíneachtaí ag obair mar is gnách.