Tá Diúc agus Bandiúc Sussex Shasana an Prionsa Harry agus Meghan Markle i mBaile Átha Cliath inniu.

Seo an chéad turas thar lear acu ó phós siad i mí Bealtaine. 

Ceithre huaire fhichead a chaithfeas siad in Éirinn agus buailfidh siad leis an Uachtarán agus leis an Taoiseach i gcaitheamh an ama sin.