Tá líonta mídhleathacha bradán aimsithe i gCo Dhún na nGall ag Iascach Intíre Éireann, an áisíneacht Stáit atá freagrach as stoc éisc na tíre a bhainistiú.  

Ghabh oifigigh 26 bradán nach raibh clibeáilte sna Gleanntaí chomh maith le dhá líon amach ó Inis Beag, ceann amháin 600 slat ar fad agus an ceann eile 500 slat ar fad.

An tseachtain seo caite a aimsíodh na bradáin agus na líonta nuair a chuaigh oifigigh i mbun faireachais faoi cheilt sna Gleanntaí ar patról ar chósta an iarthuaiscirt.

Bhí na hoifigigh i gceann de na báid nua inséidte a choimisiúnaigh Iascach Intíre Éireann le deireanaí.