Tá sé aonad den bhriogáid dóiteáin ag féachaint le loscadh sléibhe a cheansú i mBearna, Co na Gaillimhe.

Tuairiscítear gur in aice le heastát tithíochta thart ar Throscaigh Thiar atá an tine ag dó.

Deir na Gardaí go bhfuil treo na tine ag athrú de réir na gaoithe.

Tá roinnt bóithre sa cheantar dúnta ag na Gardaí faoi láthair mar gheall ar an dóiteán.