Tá dhá héileacaptar ón Aerchór seolta trasna na teorann go deisceart Ard Mhacha chun cuidiú le hiarrachtaí tine mhór ar Shliabh gCuillinn a cheansú. Ar Bhóthar Bhaile an Teampaill ar an taobh thoir de Shliabh gCuillin atá an falscaí ag dó. 

D’iarr Seirbhís Dóiteáin an Tuaiscirt ar an Aerchór cabhrú leo agus cheadaigh an Rialtas é. 

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Cosanta Paul Kehoe go bhfuil an tAerchór ar fuireachas i gcónaí le dul i ngleic le tinte sléibhe san aimsir the seo. 

Seo sampla eile fós, a dúirt sé, den obair a dhéanann fórsaí cosanta agus Aerchór na tíre leis an bpobal a choinneáil slán.