Tá sé deimhnithe ag an Uachtarán Michael D Higgins go mbeidh sé ag lorg an dara téarma mar Uachtarán na hÉireann.

Dúirt an tUachtarán Higgins go raibh a mhian curtha in iúl aige don Rialtas.

Tá sé ráite cheana féin ag Fianna Fáil agus ag Páirtí an Lucht Oibre go dtacóidh siad le Michael D Higgins agus meastar go dtacóidh Fine Gael leis freisin. 

Ní fíos fós an mbeidh aon duine eile san iomaíocht. Caithfidh iarrthóirí eile tacaíocht a fháil ó 20 ball den Oireachtas nó ó cheithre údarás áitiúla.Go dtí seo, tá spéis léirithe sa phost ag na Seanadóirí Neamhspleácha Gerard Craughwell agus Padraig Ó Céidigh. Tá an Seanadóir Joan Freeman luaite chomh maith.

Meastar freisin go gcuirfidh Sinn Féin a n-iarrthóir féin chun cinn.

Tá iarrtha ag an bhfear gnó Seán Gallagher ar údaráis áitiúla na tíre cruinnithe a reáchtáil le hainmniúcháin don Uachtaránacht a phlé. Bhí Seán Gallagher ina iarrthóir sa toghchán in 2011. 

Má bhíonn toghchán ann, is ar 25 nó 26 Deireadh Fómhair a reáchtáilfear é.