Tá go leor áird á thárraingt ar cheantar Leitir Fraic le cúpla seachtain mar gheall ar chaptaen Shasana Harry Kane. Is as ceantar Dhoighris i Leitir Fraic do sheanathair Harry, Michael John Kane – a cuireadh sa reilig áitiúil i 2013.

Is cairde mór iad clann Uí Loideáin leis na Kane’s agus mar gheall ná raibh Éirinn sa gcorn domhanda bhíodar ag iarraidh spraoi a bhaint as. Tháinig mac le úinéir an tigh tabhairne, Molly’s Bar aníos leis an smaoineadh go mbeadh deoch in aisce do chuile dhuine chuile uair a gheobhadh Harry Kane cúl sa chorn domhanda.

Feiceann an cumann sacair áitiúil, West Coast Utd an tairbhe atá ag an mbaint atá ag Harry Kane leis an gceantar agus os cionn dhá chéad gasúr sa gcumann faoi aois as an gceantar máguaird.

Is minic le Harry Kane geansaithe sínithe agus bróga dhá chuid a thabhairt in aisce don chumann ar mhaithe le hairgead a bhailiú.

Tá Marcus Lydon, atá 7 mbliana d’aois agus ar col seisir do réalt Shasana é ag taispeáint go bhfuil a chuid scíleanna ar aon dul lena ghaol cáiliúil Harry - cá b’fhágfadh sé é!