Tá Póiliní sa Tuaisceart agus an Aireacht Cosanta ag maíomh go bhfuil doiciméidí maidir le sléacht an Miami Showband scriosta.

Tá teaghlaigh na ndaoine a maraíodh ag tabhairt cás dlí ina gcoinne ag rá go raibh comhoibriú rúnda i gceist idir na dílseoirí a mharaigh an triúr ón bhanna agus saighdiúirí na Breataine. 

Láthair an tsléachta agus lorg an bhuis a bhí ag iompar an bhanna ceoil Miami Showband


1975 ar an bhóthar idir Dhroichead na Banna agus Iúir Cinn Trá stopadh bus ar a raibh an Miami Showband ag pointe seiceála bréige. Chuir gunnadóirí na fir amach ar an bhealach mhór nuair a d’fhiach beirt acu buama a phlandáil ar an bhus.

Réab an buama agus maraíodh an bheirt bhuamadóirí. Ansin scaoil na gunnadóirí eile marbh triúr den bhanna. Tá íospartaigh an tsléachta ag tabhairt cás dlí i gcoinne na hAireachta Cosanta agus an PSNI siocar go raibh comhoibriú rúnda idir saighdiúírí na Breataine agus na dílseoirí.

Deir dlíodóir theaghlaigh na mairbh agus an bheirt a tháinig slán ón tsléácht go bhfuil doiciméidí bainteach leis an ionsaí scriosta. Deir Mícheál Ó Flanagáin gur thug an Aireacht Chosanta le fios in affidavit chuig an chúirt gur scriosadh na doiciméid in 2005.

Dúirt sé go bhfuil sé ag lorg freagraí faoi cén fáth ar tharla seo agus cé a thug an t-údarás leithéid a dhéanamh.Fuarthas beirt shaighdiúirí Sasanacha agus iar-shaighdiúír ciontach as dúnmharú na bhfear ach scaoileadh soar ón phríosún iad faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta.