Gearradh sé bliana sa phríosún ar iar-phríomhfheidhmeannach bhanc an Anglo Irish David Drumm faoi chomhcheilg airgead a aistriú ón mbanc go dtí forais airgeadais eile agus faoi chuntais bhréagacha a chur i láthair an mhargaidh sa bhliain 2008.

Ciontaíodh David Drumm i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath coicís ó shin sa chomhcheilg airgead a aistriú ó Anglo Irish go dtí Irish Life & Permanent agus Irish Life Assurance agus ar ais arís idir Márta agus Meán Fómhair na bliana 2008. 

Bhí sé curtha ina leith go ndearna sé é seo chun go mbeadh an chuma ar an scéal go raibh €7.2 billiún níos mó ná mar a bhí i ndáiríre i gcuntais Anglo Irish. 

Phléadáil David Drumm neamhchiontach sna cúiseanna a cuireadh ina leith. Mhaígh a chuid dlíodóirí gur bainistiú macánta oscailte a bhí ar bhun aige d'fhonn an banc a chosaint.

Dúirt an Breitheamh Karen O'Connor inniu go raibh sé de cheart ag daoine muinín a bheith acu as bainc agus go raibh iompar David Drumm náireach.

Agus í ag gearradh sé bliana sa phríosún air, dúirt sí go dtabharfaí "creidmheas" cúig mhí dó as an tréimhse a chaith sé sa phríosún i Stáit Aontaithe Mheiriceá sular eiseachadadh go hÉirinn é dhá bhliain ó shin.