Dúirt Feisire Eorpach Shinn Féin Liadh Ní Riadh go bhféadfadh maoiniú ón Aontas Eorpach a bheith ar fáil chun feabhas a chur ar an gceangal farraige idir Éirinn agus Mór-roinn na hEorpa ón mbliain 2020. 

Dúirt Liadh Ní Riadh gur cheart go rachadh an plean seo chun cinn beag beann ar an gcuma a bheas ar chúrsaí teorann nuair a imeos an Bhreatain as an Aontas.

Mhaígh sí go rachadh an infheistíocht chun tairbhe do chalafoirt Chorcaí agus Ros Láir ach go háirithe.