Tá socrú déanta ag TG4 agus stáisiún teilifíse sa Chóiré Theas comhoibriú le chéile agus cláir a mhalartú. Cosúil le TG4, is craoltóir seirbhíse poiblí é Teilifís Jeonju.

Chomh maith le cláir a mhalartú, deir an dá dhream go bhfuil sé i gceist acu ábhar cruthaitheach a chomhléiriú, tacú le hiarrachtaí margaíochta a chéile agus forbairt a dhéanamh ar acmhainní daonna in Éirinn agus sa Chóiré Theas.

Síneoidh an dá chomhlacht meamram tuisceana an tseachtain seo. 

Tá socrú den sórt céanna i bhfeidhm idir Jeonju agus S4C sa Bhreatain Bheag le roinnt blianta.