Tá os cionn 707,000 duine ag fanacht le coinne ospidéil a fháil, de réir na bhfigiúirí do mhí Bealtaine atá foilsithe ag an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála.

Seo ardú 6,200 duine ó mhí Aibreáin agus is é an líon is mo daoine riamh é a bhí ag fanacht le coinne ospidéil sa tír seo.

Tháinig ardú ar an líon daoine atá ag fanacht le coinne gach mí ón bhFómhar seo caite, seachas seachas laghdú beag i mí Feabhra.