Tá líon na mban, nó líon na dteaghlach, atá thíos leis de bharr na conspóide faoi scagthástálacha ailse cheirbheacs le hardú go dtí os cionn 209, a dúradh ag éisteacht den Choiste um Chuntas Phoiblí inniu.

Dúradh go bhfuil iniúchadh á dhéanamh ar 46 cás breise agus go bhfuil dhá cheann déag acusan nach mór críochnaithe.

Dúirt Ard-Stiúrthóir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis an gcoiste go raibh cruinniú ag bord na heagraíochta leis an Dr Gabriel Scally inné agus gur gheall siad go mbeidh fáil aige ar na cáipéisí ar fad atá ag teastáil uaidh don fhiosrúchán atá ar bun aige faoin gconspóid.

Mhaígh John Connaghan nach féidir na cáipéisí ar fad atá ag teastáil ón Dr Scally a chur ar fáil dó sa riocht ab fhearr leis mar gheall ar chúinsí teicniúla.

Dúirt sé freisin nach féidir roinnt cáipéisí eile a chur ar fáil gan cead dlíthiúil a fháil i dtosach.