Maraíodh beirt - bean agus fear - i dtionóiscí bóthair i Maigh Eo agus i gCorcaigh ar maidin

Maraíodh an bhean, a bhí os cionn 60 bliain d'aois, nuair a bhuail dhá ghluaisteán faoina chéile ag 8.30 ar maidin ar bhóthar an N5 taobh amuigh de Chaisleán an Bharraigh.. 

Bhain mionghortuithe d'fhear os cionn 30 bliain a bhí sa dara gluaisteán. 

I gcathair Chorcaí, maraíodh fear os cionn 70 bliain d'aois agus gortaíodh bean thart ar an aois chéanna nuair a bhuail an gluaisteán ina raibh siad faoi chuaille geata ar Bhóthar Bhaile Átha hÚlla i mBaile na mBocht ag thart ar 8.15.

Bhain drochghortuithe don bhean - a bhí ag tiomáint an chairr - agus tá cóir leighis á cur uirthi in Ospidéal Ollscoile Chorcaí.