Tá 35,000 teach agus ionad gnó ar a laghad gan aon chumhacht leictreachais mar gheall ar an ngála aréir.

Áiteanna i nDún na nGall, i Sligeach, i nGaillimh agus i Maigh Eo is measa atá buailte ag Stoirm Eachtair chomh maith le deisceart Bhaile Átha Cliath agus Cill Mhantáin.

Tá Bord Soláthar an Leictreachais ag achainí ar dhaoine fanacht amach ó chrainn atá leagtha mar gheall go bhféadfadh cáblaí beo leictreachais a bheith leagtha in éineacht leo.

Tá na Gardaí ag comhairliú do thiománaithe a bheith cúramach ar na bóithre mar gheall ar an ngaoth láidir.

Tá fógra eisithe ag Met Éireann go mbeidh neart gála leis an ngaoth aniar aneas nó aniar ar an gcósta ar fad agus ar Mhuir Éireann i gcaitheamh na maidine.

Beidh neart stoirme leis an ngaoth in amanna ar an gcósta idir Ceann Léime i nGaillimh, Ceann Ros Eoghain i nDún na nGall agus an Bhinn Mhór in Aontroim.