Tá foláireamh aimsire tugtha ag Met Éireann d'iarthar na tíre anocht go dtí maidin amárach agus Stoirm Eachtair ag druidim linn. 

Dúnfar carrchlóis, an phromanáid agus bóithre eile i mBóthar na Trá i nGaillimh ó 7.30 tráthnóna mar gheall ar imní faoi thuilte.

Neartóidh an ghaoth agus tá foláireamh flannbhuí tugtha do Ghaillimh, Shligeach, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall.

Beidh luas suas le 80 ciliméadar san uair faoin ngaoth agus beidh siotaí suas le 125 ciliméadar san uair ann in amanna.