Maraíodh lánúin phósta i dtionóisc bhóthair in oirthear Luimnigh ar maidin. Cuairteoirí ón mBreatain a bhí san fhear agus sa bhean.

Tharla an timipiste i nGort na Dromann in aice le Drom Caoin ar bhóthar an N24 idir Luimneach agus Tiobraid Árann. 

Is cosúil gur bhuail gluaisteán na lánúine agus leoraí faoina chéile ar an mbóthar ag thart ar 11 a chlog.

Tuigtear gur os cionn 80 bliain d'aois a bhí an fear agus gur os cionn 70 bliain a bhí an bhean.

Gortaíodh tiománaí an leoraí, atá os cionn 40 bliain, agus tá cóir léighis á cur air in Ospidéal Ollscoile Luimnigh.