Tá sé ráite ag an iar-Aire Rialtais Frank Fahey go ndearna sé botún gan labhairt agus éisteacht le daoine a bhí ina gcónaí in aice le críochfort gáis Shell in iarthuaisceart Mhaigh Eo sular thug sé an ceadúnas urthrá do thogra na Coiribe sa bhliain 2000.

Ina dhiaidh sin féin, a dúirt sé, ba é an cinneadh ab fhearr a rinne sé riamh mar pholaiteoir an togra i Ros Dumhach a cheadú. Aire Mara agus Acmhainní Nádúrtha a bhí ann idir 2000 agus 2002. 

Ag labhairt dó ar 7Lá ar TG4 aréir, mhaígh Frank Fahey go ndúirt saineolaithe leis ag an am go raibh sé an-tábhachtach d'iarthar na hÉireann an gás seo a thabhairt i dtír.

Mhaígh sé nach raibh ach cúpla bliain fanta i dtobar gáis Chionn tSáile agus murach togra Mhaigh Eo go mbeadh an tír seo ag brath ar ghás ón Rúis ón uair sin i leith.

"Ní raibh aon dabht ormsa go ndearna mé an cinneadh ceart," a dúirt Frank Fahey. 

Dúirt sé nach é amháin a rinne botún. Ba bhotún é freisin, a dúirt sé, cúigear fear as Ros Dumhach a chuir in aghaidh an togra a chur i bpríosún.

Thug Frank Fahey le fios freisin go ndearna comhlacht Shell a lán botún agus iad i mbun oibre i Maigh Eo.