Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go mbeidh sé ag éileamh go gcuirfear cóipeanna cearta de na cáipéisí atá ag teastáil ar fáil don Dr Gabriel Scally a bhfuil fiosrúchán ar bun aige faoin gclár scagthástála ailse cheirbheacs.

Tá cuid de na cóipeanna a thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don Dr Scally doiléir agus deacair a léamh, an dúirt Simon Harris.

Dúirt sé go mbeidh sé ag scríobh chuig an bhFeidhmeannacht ag iarraidh orthu cáipéisí soléite a chur ar fáil don Dr Scally le go mbeidh sé in ann dul chun cinn lena chuid oibre.

Dúirt an tAire freisin go gcaithfidh an Fheidhmeannacht gach uile cháipéis atá an Dr Scally a iarraidh a thabhairt dó.