Tá achainí nua déanta ag na Gardaí agus iad ag cuardach eolais faoi dhúnmharú Mikolaj Wilk a bhásaigh mar gheall ar ionsaí fíorbhrúidiúil a rinneadh air ina theach cónaithe in aice Bhaile an Chollaigh i gCorcaigh maidin Dé Domhnaigh seo caite.

D'ionsaigh suas le ceathrar fear Mikolaj agus a bhean chéile le sceana móra ina dteach i Maigh an Ghiolla Fhinn.

Dúirt na Gardaí atá ag fiosrú an ionsaithe go bhfuil roinnt tiománaithe tacsaí a bhí ag obair sa cheantar ar an Domhnach nár tháinig chun cainte leo fós.