Cuireadh fear 23 bliain d’aois siar faoi choinneáil agus é cúisithe i mbuachaill trí bliana d’aois a mharú i nDoire anuraidh. 

I dteach cúirte Dhoire ar maidin dúirt póilín go bhféadfadh sé Liam Whoriskey ó Ghairdiní Ghleann na Mainistreach sa chathair a cheangal leis an dúnmharú.

Fuarthas Kayden McGuinness marbh i dteach i gceantar Thaobh an Bhogaigh ar 17 Meán Fómhair 2017.

Tiocfaidh Liam Whoriskey os comhair cúirte arís an mhí seo chugainn.