Deir an t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go gcaithfear a adhmháil go bhfuil teipthe ar an gconradh aeir go hÁrainn agus féachaint chuige go gcuirfear seirbhís ar fáil mar a bhíodh roimhe seo.

Chuir oifig an Ard-Aighne comhairle dlí ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu faoi chinneadh Aer Árann tarraingt siar as dhá cheann de na trí chonradh a bhaineann leis an tseirbhís aeir go dtí na hoileáin.

Dúirt an Roinn go bhfuil sé de pholasaí acu gan aon ní a rá go poiblí maidir le comhairle dlí atá faighte acu. 

Beidh Aer Árann tarraingthe amach as dhá cheann de na conarthaí atá acu le Roinn na Gaeltachta i dtús mhí na Nollag. Cuirfear deireadh leis an gconradh don tseirbhís aeir ar 6 Nollaig.

Tá conradh oibleagáide seirbhíse poiblí ceithre bliana ag Aer Árann leis an Roinn ar luach €1.85 milliún sa bhliain.

Cuirtear tuairim agus 3,500 eitilt ar fáil sa bhliain go hÁrainn faoi na huaireanta oibleagáide seirbhíse poiblí. Tá costas breise €483 ar Aer Árann ar gach eitilt a chuirtear ar fáil taobh amuigh de na huaireanta seo.

Tuigtear do Nuacht RTÉ/TG4 go mbaineann an t-achrann le heitiltí breise nach n-áirítear sa chonradh agus go bhfuil an dlí á bhagairt ar an Roinn ag Aer Árann.

Tá laghdú nach mór 25% tagtha ar líon na bpaisinéirí atá ag eitilt as Aerfort Chonamara in Indreabhán ó tháinig an conradh nua seirbhíse poiblí i bhfeidhm. 

Beidh ar Roinn na Gaeltachta tairiscintí d’aersheirbhís nua a lorg mura réiteofar an t-aighneas in am trátha.