Dúirt an comhlacht farantóireachta Irish Ferries go bhfuil gach turas as Baile Átha Cliath chuig an bhFrainc ar an an mbád nua an WB Yeats curtha ar ceal. Cuirfidh an scéala as do 19,000 paisinéir.

Tá an WB Yeats á tógáil ag comhlacht Gearmánach ach ní bheidh sí réitithe faoin am a bhí socraithe. 

Ar cúiseanna 'neamhghnácha' atá an mhoill seo ann, a dúirt an comhlacht. 

Bhí an bád ceaptha a bheith réidh le seoladh ar 30 Iúil ach meastar anois nach mbeidh sí ag treabhadh na dtonnta go dtí mí Mheán Fhómhair.

Dúirt Irish Ferries go bhfuil siad ag tairiscint áiteanna ar bháid eile do phaisinéirí a raibh áit ar an WB Yeats curtha in áirithe acu.

Seo an dara huair ag an gcomhlacht turais ar an WB Yeats a chur ar ceal i ngeall ar an moill ar an tógáil. I mí Aibreáin, cuireadh na turais ar fad do mhí Iúil ar ceal.