25 bliain ó shin a fuair Entreprise Oil ceadúnas taiscéalaíochta do Thobar Gais na Coiribe amach ó chósta Mhaigh Eo. 

Inniu, tá Europa Oil ag obair ar thobar eile gar do láthair na Coiribe agus ba mhaith leo leas a bhaint as infreastruchtúr Shell lena aghaidh. Dá gceadófaí sin, bheadh an scaglann seo ag feidhmiú go ceann i bhfad eile.

Pléifear na himpleachtaí agus caithfear súil siar ar an togra conspóideach seo ar 7Lá ar TG4 anocht ag 7.30. 

Beidh an t-iarAire Stáit Frank Fahey i measc na n-aoichainteoirí.