Is fiú €100 milliún i bhfógraíocht d'Fháilte Éireann an Comórtas Oscailte Gailf a bheas ar siúl i mBaile Lifín in Inis Eoghain an mhí seo chugainn, dar le hoifigeach turasóireachta na háisíneachta san iarthuaisceart Máire Áine Gardiner.

Beidh an comórtas gailf ar siúl i nDún na nGall den chéad uair riamh ar feadh ceithre lá ag tús na míosa seo chugainn.

Mhaígh Máire Áine Gardiner go mbeidh 500 milliún duine ar fud an domhain ag amharc ar an gcomórtas ar na meáin éagsúla.

Thug sí le fios go bhfuil lóistín á chur in áirithe chomh fada ar shiúl le Leitir Ceanainn agus baile Dhún na nGall.

Tá €200,000 infheistithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall sa chúrsa gailf i mBaile Lifín agus thug Fáilte Éireann agus Spórt Éireann €500,000 don dream a d'eagraigh an comórtas leis an imeacht a mhealladh go Dún na nGall.

Dúirt Máire Áine Gardiner nach raibh imeacht chomh tábhachtach seo riamh i nDún na nGall ó thaobh na turasóireachta de agus go gcaithfear gach buntáiste a bhaint as.