Beidh feidhmeannaigh Roinn na Gaeltachta ag fáil comhairle dlí ón Ard-Aighne inniu maidir leis an dara conradh  don tseirbhís aeir go hÁrainn ar tharraing Aer Árann siar as inné.

Trí chonradh éagsúla atá ag Aer Árann ó thaobh na seirbhíse aeir de.

Chuir Aer Árann in iúl an tseachtain seo caite go raibh siad ag tarraingt siar as an gconradh i dtaca le heitiltí seirbhíse oibleagáide poiblí go dtí na hoileáin.

Tráthnóna inné, chuir an comhlacht in iúl nach mbeidh siad ag cur Aerfort na Mine ar an mórthír ar fáil don tseirbhís aeir ó mhí na Nollag ach oiread. Is leis an gcomhlacht an t-aerfort.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go bhfuil cuireadh tugtha aige anois d'ionadaithe ó phobal Árann a bheith páirteach sa chomhairle atá le cur ar Roinn na Gaeltachta maidir le tairiscint a réiteach do na conarthaí nua.

Dúirt Enda Ó Conghaile, cathaoirleach Chomhar Chaomháin in Inis Oírr, go bhfuil siad dóchasach go dtiocfar ar réiteach leanúnach faoi sheirbhís cheart aeir a chuir ar fáil do phobail na n-oileán.

Dúirt Ciarán Ó Ceallaigh, bainisteoir Chomharchumann Forbartha Inis Meáin, go bhfuil an pobal ag brath go mór ar an tseirbhís aeir. Tá siad taobh le heitleán amháin faoi láthair cé go bhfuil dhá eitleán ceaptha a bheith ar fáil, a dúirt sé.