Tá corp fir á thabhairt ó pháirc gar do Dhún Léire i gCo. Lú chuig ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha.

Fuarthas an corp go luath ar maidin inniu at phíosa talún atá idir roinnt eastát tithíochta agus roinnt monarchana ar an mbaile.

Tuigtear gur sna ficheadaí a bhí an fear, nach bhfuil ainmnithe go fóill, ach go bhfuil duine muinteartha leis ag cónaí sa cheantar.

Fear a bhí amuigh ag siúl lena mhadra a tháinig ar na gcorp.

Tá amhras ar Ghardaí faoina bhás, ach tá siad ag fanacht ar thorthaí scrúdú iarbháis an Phaiteolaí Stáit le cúis an bháis a dheimhniú.

Idir an dá linn, tá siad ag caint le daoine atá ina gcónaí thart faoin láthair.  

Is minic a úsáideann oibrithe monarchan an talamh sin mar aicearra, agus tá nós ag daoine óga bailiú ansin san oíche.