Chuala Cúirt Chorónach Bhéál Feirste go bhfuil an tiar-imreoir rugbaí d’Éirinn agus Uladh Paddy Jackson dífhostaithe agus gan tairiscint fostaíochta. Rinneadh iarratas inniu ag iarraidh an t-airgead a chaith sé ar ionadaíocht dlí ina thriail a fháil ar ais.

Fuarthas Paddy Jackson 26 neamhchiontach as bean a éigniú ina theach i ndeisceart Bhéal Feirste i 2016. 

Tá sé seacht seachtainí anois ó fuarthas Paddy Jackson  neamhchiontach as bean a éigniú agus as ionsaí gnéis a dhéanamh uirthi. Mhair an triail naoi seachtainí agus shuí sí daichead sa dó lá i gCúirt Chorónach Bhéal Feirste.

I ndiaidh na trialach d’íoc Paddy Jackson fhéin as a fhoireann cosanta ach rinne sé iarratas ansin go n-íocfadh an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí as na costais.Ní raibh Paddy Jackson i láthair sa chúirt inniu, bhí a thuismitheoirí.

Níl a fhios cad é costas a bhille dlí ach dúirt a abhcóide go raibh sé suntasach. Dúirt sé go bhfuil Paddy Jackson gan fhostaíocht agus gan tairiscint fostaíochta agus gur íoc a thuismiteoirí go suntasach chomh maith ar a shon. Rinne an tIonchúiseamh an cás go mbeadh sé ciotach costaisí a bhronnadh air agus go ndéanfadh sé dochar do mhúinín an phobail sa tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí.

Chuir an Breitheamh Patricia Smyth siar a cinneadh go lá eileFuair an giúiré d’ochtar fear agus triúr ban an t-imeoir rugbaí Stuart Olding neamhchiontach as an bhean chéanna a éigniú i Meitheamh 2016. Seacht seachtainí isteach sa triail chuir seisean isteach ar chúnamh dlí agus ceadaíodh sin dó ón chúigiú seachtain.

D’íoc sé fhéin le cuidiú ó theaghlach agus cairde an chéad cheithre seachtain. Bhí an bheirt eile ar triail Blane McIlroy agus Rory Harrison agus a fuarthas neamhchiontach fosta i dteideal cúnamh dlí ón tús.

Tharraing teachtaireachtaí WhatsApp idir na fir a léamh amach le linn na trialach cáineadh ón phobal. Ainneoin tuairiscí go raibh Jackson agus Olding le himirt do Sale Sharks, níor tharla sin is cosúil de bharr brú ó chuid dá lucht leannta agus urraithe na foirne, mar a b’amhlaidh a tharla lena gconarthaí le hÉirinn.