Gearradh téarma príosúin ceithre bliana go leith ar fhear as Baile Átha Cliath faoin léitheoir nuachta in RTÉ Sharon Ní Bheoláin a chiapadh agus faoi phornagrafaíocht leanaí a bheith ina sheilbh aige. 

I gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath, phleádáil Conor O'Hora, 41 bliain d'aois, as Port Mearnóg, ciontach sna cúisimh a bhain leis an tréimhse idir Mhárta 2013 agus Eanáir 2014. 

Dúirt an breitheamh gur pionós cuí a bhí sa téarma príosúin ceithre bliana go leith, ach chuir sé ocht mí dhéag de ar fionraí ar choinníoll dea-iompraíochta agus ar an gcoinníoll nach ndéanfadh Conor O'Hora aon teagmháil le Sharon Ní Bheoláin.